Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An tSlat DraoidheachtaBhí lánamha ann aon uair amháin. Dubhairt an fear leis an mnaoi lá go raibh slat draoidheachta san gcrann a bhí ag fás taobh amuigh de n doras. Nuair fuair an bhean an fear imthighthe ar an aonach lá amach leí agus do bhain sí an tslat draoidheachta agus do thug sí abhaile í
Nuair tháinig an fear abhaile do bhuail an bhean leis an tslait draoidheachta é agus do rinne sí préachán de. Bhí sé mar sin ar feadh tamaill fada. Gach aon lá thagadh an préachán go barr an tsimiléir agus scata préachán leis. Nuair imthigheadh an scata d'fhanadh eisean annsin.
Aon lá amháin tháinig an préachán go dtí an doras agus do bhuail an bhean leis an tslait draoidheachta é agus rinne sí mada uisge de. Annsin bhíodh sé na chomhnuidhe san abhainn a bhí inaice leis an tigh agus gach lá thagadh sé agus mharbadh sé na cearca agus na lachain ar a mhnaoi. Bíodh sí igcruaidh-chás aige annsin. Ní raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)