Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 403
- XML “An Tarbh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go dtí an tráthnóna. Thug sé eochracha dí agus dubhairt sé go raibh cead aice dul ingach áit ar fud an tighe ba mhian leí fein act in aon seomra amháin. Shiubhail sí an teach suas agus síos agus nuair tháinig sí go dtí seomra seo nach bhfuair sí cead a feiceal dubhairt sí leí féin go bhfeicfeadh sí cear a bhí ann. D'fhéach sí isteach agus céard a bhí ann ach colna agus fuil. Do thuig cúpla braon fola amach ar a cosaibh Dhún sí an doras agus rith sí go glanfadh sí a chosa ach dá mbeadh sí agá nighe ó shoin ní ghlanfadh sí iad.
Chuaidh sí amach annsin ar ceimeanna an chaisleáin go n-íosfadh sí a suipéar. Sé an biadh a bhí aice ná bainne agus leite. Ní raibh sí ibhfad ann go dtáinig cat beag bán chuici agus d'iarr sé braon bainne uirthi ach ní bhfuair sé é. Tháinig spideóg chuice annsin agus diarr sí cuid den leite uirthi ach dhiúltaigh an cailín í chomh maith leis an gcat.
Tháinig an fear abhaile sa tráthnóna agus nuair a bhí sé i n-am dul a chodhladh ag an gcailín dubhairt sé leithi a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Fhlannagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe