Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 405
- XML “An Tarbh”
- XML “Tiarna Mhaigh Eo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a cosaibh iad agus bhíodar chomh geal agus glan mar a bhíodar ariamh
Tháinig an fear abhaile um tráthnóna agus bhí sé an rímhéadach nuair chonnaic sé na cosa glan. Thug sé slat draoidheachta do'n chailín agus chuaidh sí cun an tseomra do bhuail sí buille beag ar na corpáin agus d'éirigh a beirt dheirbshiúr suas Chuadar abhaile agus do phósadh fear an chaisleáin agus an cailín óg. - Tighearna MuigheóUair amháin thug Tighearna Muigheó cuireadh cun dinnéir do go leor daoine uasal. Chuir sé fhios ar chruitire le ceol do sheinm. Tháinig sé agus bhí fleadh mór aca. Nuair bhí an cinnéar thart, d'iarr an tighearna ar an gcruitire ceol do seinm. Thosuigh an ceol agus an t-ól.
Annsin ar an Tighearna leis an gcruitire "An bhfacha tú aon teach níor fearr(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Somacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo