Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tú ag imteacht gan cuireadh" ar sise leis. thug sí píopa tobac dó bhí cos agus fichead sa bpíopa. Annsin thosuigh an ceol agus a leitehad níor chuala sé ariamh. H-ullmhuigheadh fleadh mhór. Bí nuadh gach bidh agus sean gach dighe le fáil go flúirseach agus siamsa agus breann agus spórt chomh maith.
Nuair bhí an féasta thart labhair an bhean leis agus ars sise. "An raibh fhios ag do mhuinntir go raibh tú ag teacht annso?" "Bhí" ars eisean "Tá tú annso le lá agus bliain agus níl an píopa tobac caithte agat fós" Cheap an Tighearna nach raibh sé ann acht oidhche amháin act ní túisge nár chuala sé an sgéal sin ó Mháire nach bhfuair sé a chapall agus abhaile leis.
Bhí áthas ar an gcruitire nuair h-inniseadh dó go raibh an Tighearna le fáil mar bhí fhios aige go maith goraibh an bhuaidh aige agus rud eile bhí sé ag súil le cúiteamh d'fháil ón dTighearna mar gheall chomh fada agus bhí sé sa bpríosún ag fanacht le socrú na ceiste.
Leigeadh an cruitire amach saor agus thugadh míle púnt dó. B shin é an bhail a chuir Máire ar Thighearna Mhuigheó- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Somacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo