Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an tighe isteach "Ó" ars an bhean "Bhí fear na coise tinne agam ar ball agus thug mé an t-airgead dó D'innis sé dom go bhfaca sé Domhnaill agus go raibh culaith éadaigh ag teastáil uaidh. Thug mé an píosa breidín dó. "Ó ceard do rinne tú ar cor ar bith?" ars an fear "nó an bhfuil sé ibhfad imtighthe"? "Níl" ar sise Amac leis an fear inadhiaidh. Chonnaic fear na coise tinne ag teacht é agus chuir sé an capall isteach igclais gainimhe Chuaidh se amach ilár an bhóthair agus síos ar a ghlúnaibh leis. Nuair bhí an sean-fhear ag teacht ingar dó do ghlaoidh sé amach chuige a dhul síos ar a ghlúnaibh. "Tuige?" ars an sean-fhear "Go bhfeicfidh tú fear agus capall ag dul suas go flaitheas" Chreid an sean-fhear é agus síos leis ar a ghlúnaibh agus thosuigh sé ag guidhe Dé go duthrachtach. Ní raibh sé ibfad go raibh sé ina oidhche. Chuaidh an fear abhaile annsin agus dubhairt sé go mb' fíor dá mhnaoi. Sin é an bhail a chuir fear na coise tinne ar an tsean-fhear agus ar an tsean-mnaoi.
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Shomacháin
- Inscne
- Fireann
- Gairmeacha beatha
- Bádóir
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo