Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a n-abrochadh sé leis imteacht.
Faoi dheireadh chuala an Rí go raibh sean-fhear glic ina chomhnaidhe sa ngleann Chuaidh sé chuige agus d'innis sé a sgéal dó. "Nuair a rachas tú abhaile" ars an sean-fhear abair leis go gcaithfidh sé dul go dtí a leithead seo do choill agus an tarbh atá innti a thabhairt abhaile chugat. níl duine ar bith beo indon a imtheacht ón tarbh sin agus go dearbhtha marbhochaidh sé é"
Chuaidh an Rí abhaile agus labhair sé le Concubhair. "Imthigh leat go dtí a leithéad seo de choill" ars eisean leis agus tabhair an tarbh atá innti chugam" Déanfaidh sin arsa Concubhar agus d'imthigh sé leis go dtáinig sé go dtí an choill ina raibh an tarbh. Nuair chuaidh sé isteach sa gcoill ba ghearr go dtáinig an tarbh chuige ag búireadh. Rith Concubhar anonn chuige agus bhuail sé le smaicthín é ach níor chuir an tarbh fe deara é. Buail sé arís é ach níor chuir sin aon faitcíos air. Bhuail sé arís é agus leis an tríomhadh buille leag sé an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Iníon feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe