Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an fathach buille air agus bhris sé a dhruim. "Cé an chiall duit sin a dhéanamh?" arsa Concubhar ach brisfidh mise do druim-se mar bhris tú druim mo chapaill". Bhuail sé buille ar an bhfathach agus leag sé é. Bí sé annsin agus ní raibh sé indon eirighe. Thosuigh Concubhar ag réabadh anuas na sglataí arís agus nuair bhí a sháith aige chuaidh sé anonn chuig an bhfatach agus chuir sé an méid sglátaí a bhí aige ar dhruim an fhathaigh agus thiomáin sé abhaile chuig teach an Riogh é.
Nuair chonnaic na daoine ag teacht tríd an mbaile mór iad bhíodar ar fad ag rith isteach ins na tighthibh le faitchíos rómpa. Nuair chonnaic an Rí iad tháinig an-fhaitchíos air "Ó" ar seisean tuige nac ar an gcapall a chuir tú an t-ualach agus gan bacadh leis an bhfathach? "Bris sé druim mo chapaill le buille acht rinne mise an cleas céadna leis agus déanfaidh sé mise cuile lá feasta in áit an sean-chapaill. B' fhurusta é do mharbhadh go deimhin"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Iníon feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe