Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 453
- XML “An Rí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)£100 agamsa ars an fear ach imreochaimíd an cárr. D'imir siad an cluiche agus chaill an sgéalaidhe D'imir siad an capall annsin agus fuair an fear an bhuaidh arís. Bhuail sé an capall le slaitín draoidheachta agus rinnead sé girrfiadh de agus bhuail sé buille eile ar an gcarr agus rinne sé cú de. Rith an girrfiadh tart ar fud an phortaigh agus an chú indiaidh go dtáinig siad cuig an sgéalaidhe Leim an girrfiadh suas ar a mháighistir agus síos leis arís agus amac leis ina seala babhta agus an chu gá leanamhaint. Bhíodar ag rith go cearcallach agus ag rith go díreach ar feadh uaire an chluig.
Ar deireadh thiar thall ghlaoidh an fear ortha agus d'athruigh sé iad Thug sé ar ais gach rud a gnóthuig sé ón sgéalaidhe agus ars seisean leis Téigh abhaile anois don Rí agus beidh sgéal nuadh agat dó Agus socruigh leis bliain eile. Uair ar bith nach mbíonn sgéal nua agat dó téigh an bealach seo agus beidh sgéal nua abhaile leat(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Mainnín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceapach na gCapall, Co. na Gaillimhe