Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ac níorbh eadh ach bean eile a bhí ann agus bhí lámh an-mhór aice. Chuir sí ceist ar an gcailín agus d'fhiafruigh sí di tuige a' raibh sí ag caoineadh agus dinnis an cailín an sgéal dí. D'iarr an bhean uirthi í a tabhairt ag an mbainfhios. Gheall an cailín go dtiubradh sí cuireadh dí agus fáilte. Shuidh an bhean síos annsin agus rinne sí an lín-eadaigh den snáithe Nuair a bhí sí ag imtheacht chuir sí igcuimhne don gcailín gan a ghealladh a bhriseadh. "O Ní brisfidh mé ars an cailín" agus chuaidh an bhean amach.
Tamall indiaidh sin tháinig an bhainrioghain agus bhí iongnadh mór uirthi nuair chonnaic sí an deagh-obair a bhí déanta. Labhair sí leithe agus mhol sí í agus d'innis sí di go raibh sí go h-an-maith. Thug sí an cailín isteach ag an dinnéar agus bhí áthas an domhain uirthi mar bhí sí sáruighte tar éis an lae.
An lá indiaidh thug an bhainrioghain isteach iseomra eile í agus thug sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Maolruaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 26
- Seoladh
- An Cheathrú Chaol, Co. na Gaillimhe