Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bosca beag dí. Bí siosúr, méarachá[n,] snáite agus miosúr ann, agus d'orduig sí di leinteacha a dhéana[mh] agus go dtiocfadh sí ar ais an tráthnóna sin arís. Bhí an cailín bocht igcruaidh-chás agus bí sí ag súil le mnaoi na láimhe moire. Thosuigh sí ag gol agus níorb fada gur chuala sí buille ag an doras agus tháinig isteach bean a bhí srón chomh mór sin go raibh a éadan gar a bheith clúduighte leithe. Rinne sí an rud céadna agus a rinne an bheirt eile agus dubhairt sí nuair a bhí sí ag dul amach gan a gealladh a briseadh. Dubhairt an cailín nach mbrisfead sí.
Seal gearr indiaidh sin tháinig an bhainrioghain isteach agus bhí ríméad mór uirthi "Is gearr go mbeidh tú fein in do bhainrioghain" ars sise leis an gcailín. Thuig an cailín í ach d'fhéach sí an bhrónac mar bí faitcíos uirthi go sceithfí an rún uirthi. Ní raibh sé ibhfad indiaidh sin gur pósad í agus mac an riogh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Maolruaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 26
- Seoladh
- An Cheathrú Chaol, Co. na Gaillimhe