Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)iGceann tamaill maith indiaidh sin tháinig gaiscidheach chuige ag iarraidh air a theacht leis go bhfuigheadh sé bráisléad inghne fiodáin san domhain thoir. "Chuala mé gur tú an gaiscideach is fearr sa domhan agus ba mhaith liom dá dtiocfá liom" ars an fear. Níor mhaith leis an mnaoi é a leigint ann cor a bith act faoi dheiread dubhairt Catach go racadh sé leis.
D'imthigh an gaiscidheach agus gléas sé suas cuid de na capaill a b'fearr a bhí aige agus fir freastal. Tháinig siad go teach an Chataigh ar maidin go moch "Anois" ars a bhean leis an Catach "Na déan aon mhoill san Domhan Thoir ach táim ag iarraidh ort a theacht abhaile chomh luath agus is feidir leat mar beidh mé ag súil leat gach lá" Chuaidh sí go Captaoin na luinge a bhí aca annsin agus ars sise "Má bíonn an Catach beo ar a theacht abhaile dibh cuirighidh suas seolta bána agus muna mbeid cuirighid suas seolta dubha agus beidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brigidh Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 24
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe