Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ach ar a bhfacha tú ariamh ná cuir na seólta dubha suas nó báithfidh sí í fein ach fág na seolta geala suas agus ceapfaidh sí go bhfuil mé beo"
An lá a cheap an bhean go dtiocfadh siad abhaile chuaidh sí go dtí an cladach agus shuid sí síos ann. Ba ghearr go bhfaca sí dá einín bheaga. Thosuigh siad ag troid agus mharbhuig ceann aca an ceann eile. Chuaidh an t-éinín annsin agus tharraing sé luibh as an talamh agus chuir sé isteach ingob an einín a bhí marbh agus d'eirigh sé suas beo arís. "Mo grádh tú" ars sise "b'féidir go ndéanfad luibh mar sin gníomh dom fós. D'imthigh sí agus bhain sí luibh agus chuir sí na phóca í. Ba gheárr go bhfacha sí an long ag teacht agus a cuid seólta geal uirthi.
Sheas an long annsin agus chonnaic sí chuile duine ag teacht amac ach Catach "Cá bhfuil mo Chatach?" ars sise leis an gCaptaoin. Chuaidh sé isteac sa seomra agus thug sé an lon dubh amach chuici agus d'innis sé dí céard a tárla dó. Thosuigh sí ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brigidh Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 24
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe