Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 495
- XML “Seanchas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SeanchasCéadta bliain ó shoin, bí tioránach ina comhnaidhe sa limistir seo. Tugadh Buidheán mar ainm air. Bí teach an-mhaith aige comh maith agus bí le fáil an uair sin. Go mionn agus go minic gach bliain théigheadh sé thart agus dream ar bith sa gceanntar sin nach mbeadh indon é do shásúgadh chuireadh sé droch-bheartaidheacht go trom anuas orra Thárla dó sa ndeireadh gur thóg sé dualgas trom ar baintrigh a bhí na cómhnaidhe san áit. Bí mac amháin ag an mbaintrigh agus bhí na daoine go leir san gcomharsantacht ag déanamh amach gur pleidhche a bhí ann. Bí sé ag eisteacht le n a mháthair ag tagairt don sgrios a bhí déanta uirthi.
Lá dá bhfacha sé an Buidheánach ag imtheacht dubhairt an mac le n a mháthair go mbeadh sé fé choinne an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mairtín Ó Eithir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Baile Dhúlocha, Co. na Gaillimhe