Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 503
- XML “An Seanduine Dóite”
- XML “Tomhas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Sean-Duine DoightheI
Chuir mise mo shean-duine isteach sa gcomhrainn
Ag ól bainne reamhar agus ag ithe min' eornan
Do bhris sé an glas a cuiread ar an gcomhrainn
'S chuaidh sé ag ól leis na buachaillí óga.Curfá
Éirigh a shean duine shean duine dóighthe
Brón agus diachair agus is doiligh liom gabháil leatII
Chuir mise mo shean duine síos go Baile an Róba
Búcla na hata agus watch na phócha
Triur dá iomchar agus ceathrar dá thógadh
Agus chuala mé iGaillimh go ndeaca sé leobtha
CúrfáIII
Do sheas mé ag an doras agus ba mhise bhí brónach
Ag súil le mo chéile a theacht in einfeacht leobtha
D'eug sé ar an mbealac agus abaile do thógadh
Bhí mé ag sileadh na ndeor le méad mo cumhaidh
Cúrfá - Tomhas:- An fear a rinne é níor caith sé riamh é agus an fear a chaith é Ní fhaca sé ariamh é? Comhra