Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 513
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is minic a chaill fear caora ar luach pingne teara
Is maith an fear an faitchíos
Is maith é an fear a innseocas an fhírinne
Is fearr marcaidheacht na gabhail
An fata beag leis an bhfata mór agus an fata deirid gan tada (am gantannais)
Is fearr comhairle ceannachta ná comhairle in aisge
An té nac mbíonn go maith fén loistín bíonn sé go maith fé'n eolas
Mar a thógtar bítear
Is fearr teine ná deatach
Ná leig do rún le claidhe go seasfaidh tú ar a bharr
Tigbhús na bhpinginn dul imó na sgilling
Imtheochaidh a thiocfas agus a dtáinig ariamh ach ní imtheocaidh na grásta go bráth ó Dia.
Is milis a bheith ag ól ach is searbh a bheith dá íoch
Adhbhar gáiridhe ó Dia agus min ón muileann.
An té a tharraigeas an tslat sin é a duine a mbuailtear leithi
Teigh go h-aifreann gan bróig agus ná déan bród as do bhrat(leanann ar an chéad leathanach eile)