Scoil: Clochar ar an bhFáirche
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar ar an bhFáirche
- XML Leathanach 082
- XML “Gobán Saor”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó. Gobán Saor a bhí mar ainm air. Fear an-chliste ab eadh é. Bhí mnac aige act ní raibh sé chomh cliste is bhí a athair. Se an rud a bhí ón Gobán Saor ná a mac a bheithy phosta le mnaoi cliste.
Lá amháin thug sé croicean caorach don mac agus dubhairt sé leis, an croisceann a dhíol agus an croiceann agus luach an chroicinn a tabhairt abhaile. Chuaidh an buachaill go dtí an margadh agus níorbh fhaoi go d'tháinig fear suas go dtí é. D'fiafe sé de cén luach a bhí ar an gcroiceann. "An croiceann agus a luach" ars an buachaill. Thosuigh an fear ag gáiridhe agus chuaidh sé thart ar an t-sráid ag rádh go raibh amadán suas an t-sráid a bhí croicheann caorach le díol aige agus se an rud a bhí sé ag iarra(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ghiubuin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Ghiubuin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe