Scoil: Clochar ar an bhFáirche
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar ar an bhFáirche
- XML Leathanach 011
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cailín agus buachaill ann fadó agus ba mhaith leó a bheith pósta acht ní raibh aon airgead acu. Dinnis siad an sgéal don tsagart. Agus dubhairt an sagairt leó go raibh muc acu agus go raibh sí chomh maith leis an airgead lá ar bith. Dubhairt siad go raibh.
Bhí go maith agus ní raibh go h-olc pósadh an beirt faoí cheann coigíse bhí bainis acu annsin dubhairt an sagart go dtiochfaidh sí féin nó an buachaill ar thóir na muiche. Tháinic an buachaill ag tuitim na h-oidhche agus rópa aige agus bhí bród mór ar an t sagart nuair a thug sé chómh [?] leis í.
Ní raibh an mhuch i bhfadh aige. Nuair a chuimhnidh an fear ar beart éigin a dhéanam. Dubhairt sé sí leis féin go ngoidhfhead sí an mhuc. Dimthigh leis ag goid na muice gur thug sé abhaile leis í. Nuair a deirigh an sagart ar maidin. Bhí an mhuch imtighthe.
Chuaidh sé chuig an bhfear seo agus thug sé leis í. Goid an fear arís í agus rinne sé trí no ceithre uaire indiaidh a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Shomacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Somacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo