Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhíodh go leor ór ag na daoine in Árinn go mór mhór ag na Lochlannaigh. Chuir na daoine sin a gcuid óir i bhfolach san talamh agus níor innis siad do aon duine é, agus nuair a fuair siad bás ní raibh a fhios ag aon duine cá raibh an t-ór.Tá cnoc amuigh i gCruimlin agus bhí bosca óir i bhfolach ann. Bhí sé ráidhte dá mbeadh duine ag brionglóidigh air trí oidhche indhiaidh a chéile go bhfuigheadh sé an t-ór. Bhí fear ag brionglóidigh air agus an lá in a dhiaidh sin chuaidh sé ghá thóirigheacht agus chonnaic sé coinín a bhí bacach agus rith sé in a dhiaidh. Tháinig sé go dtí poll agus rith an coinín isteach ann. Shíl an fear breith air agus chuir sé a lámh isteach san bpoll agus rug sé ar an mbosca óir. Deirtear gurb iad na Búrcaigh a chuir ann é.Tá cnoc in aice an Chlocháin ar a dtugtar Cnoc na Cloiche Cruinne agus dá gcluineadh duine an bhean sidhe ag caoineadh inaice an chnuic go bhfuigheadh sé an t-ór.Cuireadh ór i bhfolach i gcnoc in aice leis an Mám agus tá cat fiadháin in a bhun. Tá pota óir eile i bhfolach ag fárnacht agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Liodáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe