Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)

Suíomh:
An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Shionnacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 545

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 545

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Leathanach 545
  3. XML “Scéalta Crábhaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháín nuair a bhí Íosa Críóst ag iarraidh ealodh ó shaighdiúirí Heród, tháinig ocras air agus tháínig Sé isteach chuig teach mhuillteóra. Bhí cailín istigh agus d'iarr Sé déirce uirthi, ach bhí faitcíos uirthi go dtigfeadh an mullteoir isteach agus ní thiubhradh sí aon rud dó. Bhí sí ag déanamh cáca de cruithneacht agus d'iarr sé píosa de sin a thabhairt dó agus do thug. Chuir Sé síos ar splanc é agus annsin d'imthigh Sé agus nuair a tháínig an muillteoir isteach d'fhéach sé ar an teine agus chonnaic sé an píosa aráín agus bhí an cruithneacht ag fás as. D'iarr sé ar an gcailín cé chuir síos an t-arán sin agus dubhairt sí gur fear a tháínig isteach agus gur iarr sé déirce uirthi agus gur thug sí an píosa aráin dó chun go n-imtheóchadh Sé agus gur chuir Sé síos é agus agus gur n-imtheóchadh Sé annsin.
    Annsin d'fhiafruig an muillteoir de'n cailín cá'r imthigh an fear agus theasban sí dhó. Rith an muillteoir in a dhiaidh agus níor ghéill sé do driseacha ná go aon rud ná go bhfuair sé suas le Íosa. Bhí a chuid fola leis agus bhí cuid dá chroiceann ag tuitim de. Annsin thug Íosa an croiceann dhó agus dubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Liodáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    An Cloigeann, Co. na Gaillimhe