Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear i naice le Baile an Róba uair amháin agus bhí sé ag brionglóidigh trí oidhche in dhiaidh a chéile go raibh pota óir i bhfolach i gCaisleán na Circe. Tháinig sé go dtí teach sa gCeathrú Garbh agus d'fhan sé ann an oidhche sin. d'Fiafruigh fear an tighe de cé'n áit a raibh sé ag dul. Dubhairt sé leis go raibh sé ag brionglóidigh trí oidhche i ndiaidh a chéile go raibh pota óir i bhfolach i gCaisleán na Circe agus go raibh sé ag dul ann lá ar na bhárach go bhfeicidh sé an raibh sé fíor. Nuair a bhí an fear i na chodhladh d'éirigh fear an tighe agus fuair sé bád agus chuaidh sé amach ins an mbád. Thosuigh sé ag tóirigheacht ins an áit a dubhairt an fear leis. Fuair sé an t-ór i bhfolach ins an urlár. Thug sé abhaile leis é. D'éirigh an fear eile ar maidin agus chuaidh sé isteach ar Chaisleán na Circe agus chaith sé an lá ag tóirigheacht agus ní bhfuair sé an t-ór.Deirtear gur Gráinne Uí Mháille a chuir i bhfolach ann é agus deirtear gur bé Micheál Ó Feártaigh a fuair é.Deirtear go bhfuil pota óir i bhfolach i Leic Aimhréidh in aill mhór ar a dtugtar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Liodáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe