Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 552](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0076%2FCBES_0076_552.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 552
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus salann é agus h-ithtí te é le bainne géar. Nuair a bhíodh an t-arán sin "Boxty" acu le h-aghaidh an bricfeasta deinidís ar maidin é roimh an mbricfeasta.Ní bhíodh mórán feola acu fadó ach uaireannta bhíodh feoil anmhidhthe fiadháin acu. Bhíodh go leor éisg acú mar bhíodh iasgareacht mar slighe beatha ag go leor daoine fadó.Bhíodh uibheacha acu Domhnach Cásga fadó agus bíonn siad acu anois freisin. Cuiridís "Góil" i gcácaí faoi leith le h-aghaidh an Nodlag.Nuair a tháinig an tae go dtí an ceanntar seo ar dtús bhí faitchíos ortha é d'ól mar ní raibh fhios acu ce'n sort rud do b'eadh é.Cupáin adhmaid a bhíódh acu fadó agus annsin fuair siad saghas cupáin móir greithe dá'r b'ainm 'mug'. Is le goirid a fuair na daoine na cupáin bheaga atá anois acu.Níor chlos ná ní chuimhin liom an bord a chrochadh suas ar thaobh an bhalla.Óltaoi go leor bainne fadó go mór-mhór bainne géar.
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Droighneáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe