Scoil: Caisleán Gearr
- Suíomh:
- An Caisleán Gearr, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Maolmhuidhe
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 056](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0030%2FCBES_0030_056.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 056
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bóithrín na Mine - I n-aimsir an gorta nuair a bhíodh muintir Anach Cuan agus Baile Cláir na Gaillimhe agus áiteanna eile ag teacht abhaile ó Gaillimh le min bhainead muintir na h-áite seo min dóibh.An Sean-Bhóthar - Mar b'é an chéad bhóthar a rinneadh i mBaile Bán.Bóithrín Tón Ruadh - Lá dá raibh fiadhach ar siubhal marbhuigheadh capall a glaodhadh Tón Ruadh air agus tugadh an t-ainm céadna ar an mbóthar.Bóthar an Phúca - Chonnaic mo shean-máthair púca ann uair amháin agus tugtar an t-ainm sin air ó shoin i leith.Bóithrín Riasgaigh - Mar tá na páirceanna ar gach taobh de-n bhóthar i n-a riasgaigh.Bos le h-Éadan - Cnoc ar an mbhóthar leath-'bealaigh idir an sgoil agus cathair na Gaillimhe 'seadh é seo. Tá dhá sgéal ag na daoine faoi. Is ó'n gcnoc sin is féidir leis na daoine an chathair a fheiceál an céad uair ag dul isteach innte dóibh agus cuirid a mbosa le(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caisleán Gearr, Co. na Gaillimhe