Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Leathanach 168
- XML “Seanscoil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí scoil ag Cros bóithre Baile an Dubhlaoich. An t-ainm a bhí ar an máighistir Seán Bacach Ó Dubhgáin. Cáin sgoile an pháigh a bhíodh acu. Primer Reading made easy, agus leabhar litriú an t-ainm a bhí ar na leabhraí. Thiubhradh gach sgoláire fód móna leoibhtha. Chuirfeadh sé píosa maide tart ar mhuinéal na sgoláire a mbéadh agachaí ann ’tally’ an t-ainm a bhí ar, bhéadh fhios aige lá ar na bhárach dá labhrochadh an sgoláire focal Gaedhilge. Chuirfeadh sé sgoláire suas ar druim sgoláire eile agus bhainfeadh sé dho a bhríste tiubhradh sé bualadh dhó. Tá sin deich mbliadhain agus trí ficid ó soin. Bhí ceann eile i gCnoc Mhaoil Dris agus ceann ar an mBóthar Mór.
Tá Cros bóithre Baile an Dubhlaoich timceall trí mhíle ó Ghaillimh ar (botrar) bóthar Áth Cinn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peaits Ó Fathaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Baile an Dúlaigh, Co. na Gaillimhe