Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Leathanach 183
- XML “An Crios”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fághann muid lata agus déanann muid súgán casann muid ar an lata é. Cuireann muid dhá láimh as le breith air deanta as tuighe Teigheann na buachailli thart ó theach go teach agus deireann siad rann ag gach doras. Seo é.
“Crios, crios Bríghid i mo crios.
Piginn as póca bhean an tighe.
Nó ubh as tóin na circe buidhe.
Atá thoir i dtóin an tighe.
Eirigh suas a bhean an tighe
’S cuir do pháisde faoi’n gcrios.
Más fearr a dhul ann é.
Go mba seacht fearr ag teacht as é.”
Fághann siad cupla pighinn nó ubh in gach teach. Déireann daoine na tighthe nuair a fheiceas siad an chrios. “Go mbeirimíd beo ar an am seo aríst.”
Mise Peadar Ó Catháin,
Ceathramha an Bhrúnaigh,
Gaillimh.- Bailitheoir
- Peadar Ó Catháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe