Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Leathanach 226
- XML “Báire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- BáireCeapadh báire ar fhear agus bean le h-aghaidh an Domhnach dár gcionn. Dhéanadh an bhean óg féasta mór ag teach a h-athair agus aon bhean déag aici mar chomhluadar, gléasta le ribíní. Thiocfadh fear óg agus aon fhear déag aige, d'íosfhaidís agus d'olfhaidís a sáith. Rachadh siad amach ag bualadh báire agus craobh-báire ag an lánamhan óg. Bhaileochadh Paráisde ag bualadh báire, báire gualanna, bfhéidir go bhfeictheá fiche duine leagtha sa talamh in éinfheacht. Bhuailfhidís báire go mbeadh siad tuirseach. Bhíodh píobaire i láthair agus ghreadadh barraile pórtair ann. Rachadh an lánamhan óg amach ag damhsa i lár na páirce agus ceithre duine fichead i gcuideachtain, gléasta le ribíní agus gan aon duine eile in a measc.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Peaits Ó Fathaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Dúlaigh, Co. na Gaillimhe