Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Leathanach 314
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalTháinig an Dearg Mór as Tír Lochlann. Tháinig sé ins an aer agus bhí sgiatháin agus clúthach air. Tháinig sé anuas ins an áit a raibh na Fianntaibh. "Ce'n pastime a bhíonn annseo ag do cuid fir" adeir sé le bean an tighe. "An chloch a chaitheamh thar an teach agus gan í leigeann ar an talamh." Rinne sé an Job. Tháinig sé isteach annsin agus bhí cabhar mine ar an ngreidill. Rug sé air agus d'ith sé an greidill agus eile. Nuair a bhí sin déanta aige bhí Conán ins an gcliabhán in-a pháiste. "Cé'n aois an leanbh" adeir sé le bean an tighe "trí ráithe adeir an bhean. Chuir sé a mhé[ar?] in-a bhéal annsin agus dáisc sé air. "Mar an bhfuil sé acht trí rátha is maith na gearráin fhiacla atá aige" Bhí siad dhá chur annsin ag damhsa agus bhí sé faoí dheirea[dh] ag tuitim ar an talamh le lagar.
Bhí Goll Mac Móirne annsin le cur ag troid leis. Annsin fuair Goll spúnóg uibheacha ó chailleach cearc agus ní raibh aon ubh a díosfadh sé nach raibh brigh seacht n-uibhe ins gach ubh agus mharbhuigh sé an Dearg Mór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Cuirrín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Troscaigh Thoir, Co. na Gaillimhe