Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Leathanach 334
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an tsean-aimsir bhí teach ann agus bhí cáill air mar gheall go raibh na daoine ag ceapadh go raibh taidhbhse le feiceál ann gach oidhche. Teach dhá stór a bhí ann. Ó tuitim na h-oidhche ní rachadh aon duine in aice leis ar eagla go mbearfadh an taidhbhse air.
Do bhí buachaill óg ann agus aon oidhche amháin dubhairt sé go rachadh sé isteach sa tigh agus go bhfeiceadh sé an raibh aon taidhbhse ann. Dubhairt na daoine nach rachadh sé ann cor ar bith mar nach raibh an misneach aige. Dubhairt sé go rachadh agus dubhairt na daoine leis go gcaithfeadh sé tairnge a chur ins an doras a bhí thuas ar an mbarr, ins an gcaoi go gcreidfeadh siad go ndeachadh sé ann. Chuaidh sé suas ann agus chuir sé an táirnge ins an doras agus ní fhaca sé aon taidhbhse.
Bhí sé ag dul ag iompuigheadh thart agus ag dul ag imtheacht nuair a d'airigh sé rud éigin 'ghá choinneál siar. Tháinig an oiread faitchís air gur thuit sé i meirbhthean. Tar éis tamaill nuair nach raibh sé ag teacht anuas, chuaidh cuid de na daoine suas agus fuair siad é agus sé an rud a bhí 'ghá choineál ná bhí an oiread deifir air ag cur an tairnge ins an doras gur chuir sé tríd a chóta é freisin.
Thóg siad anuas é agus tar éis tamaill tháinig biseach air agus ó'n lá sin amach ní raibh faitchíos ar na daoine dul in aice leis an tigh níos mó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Íarnáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Foraí Maola, Co. na Gaillimhe