School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An bheirt a bhí i RosBhí beirt daoine ag dul le chéile i Ros tuairim is cúig céad bliadhain ó shoin. Fear óg agus bean óg a bhí ionnta. Bhíodar ag dul le chéile ar feadh ceithre bliadhan, agus phós an fear cailín eile agus fuair an cailín a bhí sé ag dul i n-aoinfheacht leis, bás le briseadh croidhe. Oidhche amháin nuair a bhí sé ag dul abhaile, rinne sé aith-ghiorra tré choill atá i Ros. Tháinic an cailín agus rug sí ar a dhá chois agus tarraing sí é tríd an gcoill. Bhí sé ag breith ar croinnte móra agus bhí sé 'ghá dtarraingt as an talamh.
Annsin rug sé ar sg(e)ich ghil, agus tharraing sé as an talamh é agus d'fhág sí annsin é Fritheadh é lá ar na bhárach, d'innis sé an sgéal agus fuair sé bás Tháinic an dochtúir agus dubhairt sé go raibh a lámha as a n-áit. Tháinic daoine as tíortha eile ag breathnughadh ar an áit- Informant
- Peadar Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe