Scoil: Páirc na Sceach (uimhir rolla 13856)

Suíomh:
Páirc na Sceach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 411

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 411

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Páirc na Sceach
  2. XML Leathanach 411
  3. XML “Ciste Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ciste óir i bhfolach
    In aimsir na bpéin-dlighthe bhí sagart ‘na chomhnaidhe i Mághcuillinn. Fear an-saidhbhir dob’ eadh é. Bhí trí mhíle phunt aige in óir na Frainnce, trí mhíle in óir na Spáinne agus adhbhar chailéis chómh maith. Bhí faitchíos air go bhfaigheadh an námhaid a chuid saidhbhris agus chuir sé i bhfolach é faoí leic mhóir i gCill Raithne, páirc atá achar beag taobh thiar de Mhághcuillinn. Ba mhaith é cinnte mar tá go leór sgeacha agus driseacha ag fás ann. Is dócha go dtóigfead sé as é nuair a bheadh gach contabhairt thart ach tháinig bás tobann air. Nuair a bhí sé ar leabaidh a bháis d’innis sé do fear éigin ar áit ‘na raibh sé curtha i bhfolach aige agus dubhairt sé leis dul ann agus é do chuartadh. Chuaidh an fear chuig an áit agus thug sé fear eile leis. Chuartuigheadar thart i ngach áit agus céard d’fheicfeadh fear aca ach leac mhór. Rith sé anonn chuige agus d’arduigh sé é. Bhí poll mór faoí agus is beag nár baineadh an radharc as a shúile nuair d’fhéach sé síos ann bhí an bhí an méid sin óir ann. Níor fhéadh sé labhairt le teann áthais ach rinne sé comhartha do bhfear teacht chuige. Nuair d’fhéachadar san bpoll arís ní raibh ór na airgead ann ach bhí cat ‘na shuidhe san áit ‘na raibh sé. D’imthigheadar abhaile agus níor chuartaigh duine ar bith riamh ó shoin é agus is dócha go bhfuil sé ann fós.
    Scríobhtha síos ag Máire ní Nudhain, Pollach, ó na h-athair, Éamonn Ó’Nudhain, Pollach, Mághcuillinn. Feabhra 1938.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Nudhain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Pollach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Éamonn Ó Nudhain
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Pollach, Co. na Gaillimhe