Scoil: Baile a' Mhuilinn (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Dholáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá mé in mo chomhnuidhe i bparaiste Baile an Mhuilinn. Baile an mór seadh é. Tá suas le caogad bailtí ins an paroíste. Seo cuid de ainmneacha na bailtí, Iomra Claidhe, Poll an Tuiric, Cill Ernín Druim, Pairc Ruadh, Cill Cluinigh agus mar sin de.Tá mé in mo comhnuidhe in Íomra Claidhe. Baile mór seadh é. Tá suas le ceathar déag tighte ins an baile agus tá suas le seasga daoine ann. Bhí fear ins an baile seo fadó agus bhí duíl mór aige i gcártaí. Lá amháin ní imreóchadh aoinne leis agus dubhairt sé "Imir a claidhe" agus deirtear gurb sín é an fáth a cuireadh an ainm san ar an baile.Tá suas le ceithre míle daoine ins an paraiste ar fad. Tá go leor rudaí stáireamhla le feiscint ann. Tá trí muilinn ins an pharaiste. Tá ceann i mBaile an Mhuilinn agus deirtear gur fuair an baile a ainm as san. Tá ceann eile i mBaile an Ruiséil agus ceann eile i Connachar. Is é fear darabh ainm Ó Gradhaig a chuir an mhuilinn i mBaile an Mhuilinn ar bun. Ba le fear darabh ainm Nich Fheoiris (?) an muilinn i mBaile an Ruiséil. Is é fear darab' ainm Cuinn a chuir an mhuilnn ar bun i Connachar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sighle Ní Néill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Iomaire Claí Thoir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Neill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Iomaire Claí Thoir, Co. na Gaillimhe