Scoil: Derrinkeher (uimhir rolla 16244)
- Suíomh:
- Doire na Ceachar (Brady), Co. Liatroma
- Múinteoir: Pilib Mac Taidhg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dó bhí baintreabhach ann ibhfad ó shoin agus bhí mac amháin aice. Lá amháin thuit trom-codhladh ar an gasur agus é ina shuidhe sa luaith-dhearg ag cladach na teineadh.Ní raibh duine ar bith ábalta é a mhusgladh agus bhí sé mar sin gó raibh sé bliain is fiche. Musgail sé annsin agus dubhairt sé le na mhathair gur chodhluigh sé néal. Bhí meitheall ag baint choirce ag an mhathair agus bhí sí ar tí an dinneir a thabhairt chuca nuair a sgiob an mac an dinneir uaithe agus amach chuig na fir leis. Nuair a chonnaic na fir ag teacht é sgannruigh siad agus theit deireadh acht fear amháin. Thainic sé sin agus rinn sé á chuid. Fhad is bhí sé ag deanamh a chodach bhí Seagan ag baint an choirce agus char stad sé gó raibh deireadh bainte aige. Bhí an coirce uilig deanta suas an oidhche sin aca.Chuaidh Seaghan abhaile agud d'iarr sé ar á mhathair a sháith a bhata fhaghail dó agus gó rachadh sé a chuartu fhortun. Chruinnigh sgaifte fear agus bhain siad crann dó acht bris Seaghan é. Dimthigh siad annsin agus fuair siad barra iarainn dó a dtugadh siad an sirriam mór air. Thug Seaghan leis seo agus dimthigh sé go dtearn sé fastodh le fáthach mór a bhí ar an taoibh ó dheas d'Éirinn.An chéad lá d'iarr an fathach ar Seaghan ochth gcruacha coirce a bhí annsin a bualadh, a thabhairt un an muilinn agus é a thabhairt ar ais(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seosamh Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Dhochartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann