Scoil: Derrinkeher (uimhir rolla 16244)

Suíomh:
Doire na Ceachar (Brady), Co. Liatroma
Múinteoir:
Pilib Mac Taidhg
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0223, Leathanach 100

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0223, Leathanach 100

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Derrinkeher
  2. XML Leathanach 100
  3. XML “Seaghan na Luatha Deirge”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ina mhín. Chuir Seaghan isteach an coirce agus bhuail leis an tSirriam é. Thug leis téadaí annsin agus chuir an ina málai coirce ann, cheangal deireadh ar á dhruim agus ar siubhal chun na mhuilinn leis. Nuair a sroich sé an muileann casadh an muilteoir air agus thug sé sin iarriadh mharbhthach ar Sheaghan acht thug Seaghan cnagan (?) de'n t-Sirriam dó agus d'fág maol marbhe é. Mheil Seaghan é fhéin an choirce agus thug abhaile é.
    Lá ar na bhárach thug an fáthach dá cheann capall dó agus d'iarr air dul agus an srath a bhí aige a threabhadh. Dimthigh Seaghan agus thosnuigh ar a chuid oibre. Ní raibh abhfad gur léim péist mhór amach agus d'ith sí na beithnigh agus thug iarraid ar Seaghan. Achth chnag Seaghan leis an t-Sirriam í agus ainnsin cheangal sé sa chéacht í. Thug sé ar an phéiste an srath a threabhadh agus bhain an baile amach leis an phéist trathnóna. Sgairt sé leis an fáthach,
    "Seo oganach a d'ith dó chuid capall achth is fearr í fhéin nó na capaill.
    "O gheall ar Dhia leat" ars an fáthach, "agus tug ar shiubhal í."
    Annsin sgaoil Seaghan an phéist ar shiubhal.
    Lá ar na bharach d'iarr an fáthach ar Sheaghan dhul gó síos go h-Ifreann agus a athair a thabhairt ar ais aige-san nó gó gcailltheadh sé an ceann trathnóna.
    "Muire! Ní chaillfhidh mé an ceann" arsa Seaghan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seosamh Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Dhochartaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann