Scoil: Killahan
- Suíomh:
- Cill Laithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bean Uí Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Killahan
- XML Leathanach 327
- XML “An Seanchaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An fothrach san lastuaidh de tigh na scoile an eadh? Fothrach caisleáin é sin. An Chaisleán a thugaimíd-ne air annso. Tá mórán scealta in a thaoibh. Deirtear go dtárla rudaí annso - timcheall an chaisleáin sin - a bhuadhfadh caoch ar na scéalta a innstear cois teine oidhcheannta geimhridh & na mbíonn tuairisgí fada ar an sluagh sidhe is ar sprideannaibh is air phúcaibh.
Tá scéal amháin ann i dtaoibh mná óige, d'inghin do bhí ag fear an chaisleáin uair. Ba mhian leis siúd taoiseach óg áirighthe bheith mar chliamhain aige acht morbh é an taoiseach óg san do shanntuigh an mhaigdhean óg acht macaomh nár lugha le n-a hathair an sioc ná é. Thug an tathair cuireadh do'n té a thoigh sé féin mar nuachar teacht chun an chaisleáin oidhche chun gach nídh do shocrughadh le haghaidh an phósta cé go raibh a fhios acu araon gur d'á haimhdheóin sin a pósfaidhe í, dá bpostaí ar aon chor í.
Do tháinig mo dhuine, & an túisge is a chualaidh an bhean óg é bheith fé fhraghthachaibh an tighe aici do dhírigh sí ar lógóireacht. Teip ar a muinntear go léir í chiuiniughadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)