School: Killahan
- Location:
- Killahan, Co. Kerry
- Teacher: Bean Uí Ríoghbhardáin
![The Schools’ Collection, Volume 0413, Page 327](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0413%2FCBES_0413_327.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0413, Page 327
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Killahan
- XML Page 327
- XML “An Seanchaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An fothrach san lastuaidh de tigh na scoile an eadh? Fothrach caisleáin é sin. An Chaisleán a thugaimíd-ne air annso. Tá mórán scealta in a thaoibh. Deirtear go dtárla rudaí annso - timcheall an chaisleáin sin - a bhuadhfadh caoch ar na scéalta a innstear cois teine oidhcheannta geimhridh & na mbíonn tuairisgí fada ar an sluagh sidhe is ar sprideannaibh is air phúcaibh.
Tá scéal amháin ann i dtaoibh mná óige, d'inghin do bhí ag fear an chaisleáin uair. Ba mhian leis siúd taoiseach óg áirighthe bheith mar chliamhain aige acht morbh é an taoiseach óg san do shanntuigh an mhaigdhean óg acht macaomh nár lugha le n-a hathair an sioc ná é. Thug an tathair cuireadh do'n té a thoigh sé féin mar nuachar teacht chun an chaisleáin oidhche chun gach nídh do shocrughadh le haghaidh an phósta cé go raibh a fhios acu araon gur d'á haimhdheóin sin a pósfaidhe í, dá bpostaí ar aon chor í.
Do tháinig mo dhuine, & an túisge is a chualaidh an bhean óg é bheith fé fhraghthachaibh an tighe aici do dhírigh sí ar lógóireacht. Teip ar a muinntear go léir í chiuiniughadh.(continues on next page)