School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)

Location:
Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Teacher:
Muiris Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 015

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 015

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Gobnait
  2. XML Page 015
  3. XML “Fear Maraithe Céad d'Aon Bhuille”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    'na bholg suas í agus thuit sé siar marbh dar nóigh. Ní raibh aon nídh lé deunamh leis ach thóg an figheadóir agus an tseana-chailleach amach agus cuireadar é i bpoll talmhan.
    Ní raibh aon nídh sa tslighe ansan air chun na rioghachta ar fad do bheith aige ach an tseana-chailleach agus b'fhearr leis go mbeadh crích airthi.
    Lá des na laeannta marbhuigheadar muc a bhí acu agus do cuireadh corcán mór uisce ar a dteine a théigheamh chun í scriosadh. Nuair a dhóigh leis é bheith ag fliuchaidh (fliuchadh) go maith, dúirt sé leis an seana-chailleach feuchaint síos ann, feuch a raibh sé ag fliuchaidh fós. D'fheuch sí síos ann agus do fuair sé a staf iarainn agus do bhuail sé thiar fúithe é agus do chaith síos ann í agus do choinnibh síos nó go raibh sí scólta go maith. Ansan ní raibh aon nídh ag teacht idir é agus ríoghacht an fhathaig ach níor dearmhad sé fios a chur ar a sheana bean i nDún Chaoin agus í thabhairt leis go dtí an gcaisleán mar ar maireadar ar a sásacht.
    Níl aon fhocal éithig sa sceul so.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    AT1045: Pulling the Lake Together
    AT1062: Throwing the Stone
    AT1088: Eating Contest
    AT1640: The Brave Tailor
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    52
    Occupation
    Iascaire
    Address
    Gleann Loic, Co. Chiarraí