Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán - An Sprid
“Ar maidin indhé is mé ar séirse ag taisteal anonn”
Sean - Amhrán. 7 - 8 -34An SpridI
Ar maidin indhé is mé ar séirse ag taisteal anonn
Scadh do dhearcas féin an spéir bhean gheanamhail Fhionn
Ba thanaidhe é a béal, is do b'eudtrom pras é a súibhal
'S a culaith fhada ghléigeal néata a scaipfeadh an drúcht
II
Mara mbeadh go raibh na coillig a glaodhach mo léan do [?] mo neart
Ar eagla an scéil gur bhaoghal dom í bheith lem' ais.
Do tháinig allus 'na shlaodaibh ar m'éadon i n-iomarc ar fad
Mar do cheapas nárbh éinne beó saoghalta an Bhruinneal i gceart.
III
Nuair a chonnac-sa 'na saoighid í, san aoirde chumaisg tar bárr
Ba ghile í ná an fhaoilean, 'sa píb mar an eala 's í ar snámh
Do tháinig faitchíos mo chroidhe orm roimpe on scíthire mná
'S gan arm ná Claidheamh um' thimcheall, ná guna im' láimh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán L. Ó Caomhánaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Baile na Rátha Thuaidh, Co. Chiarraí