Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Gobnait
- XML Leathanach 030
- XML “Ranna - Mallacht Bhacach Chiarraí le Bacach Bhaile Mhúirne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mallacht Bhacach Chiarraighe le Bacach Bhaile Mhúirne
(Fachta ó Thomás Ó Dálaigh (65. b/l)
Baile an Ghleanna
Dún Chuínn
Daingean Uí Chúise
-
Bhí bacach ó Chiarraighe ann fadó. Bhíodh sé ag lorg a dhéirce ar an slios ó Chill Áirne go Baile Mhúirne. Bhí sé ag déanamh go diail mar ní raibh ar an mbóthar ach é agus leis sin bhí gach aon tig go maith do. Ach is gearr gur ghaibh fear ó Bhaile Mhúirne an treó agus an cheard ceudna aige - ag lorg déirce. Tháinig éad & doicheall ar fhear Chiarraighe roimis & seo mar dubhairt sé leis an bhfear eile
Leun riamh áir ort a bhacach Bhaile Mhúirne
Is mise a bhí ar mo shástacht go dtáinís 'on dúthaig
Is agamsa sa 'gem pháirtí bhí an tsráid seo gan cúncas
Ó gheataí mór Chill Áirne go Sráid Bhaile Mhúirne- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Dálaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Baile an Ghleanna, Co. Chiarraí