Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Gobnait
- XML Leathanach 062
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- PiseógaFachta ó: Pádraig de Lonndraig (35 bliadhan)
Seanntóir
Dún Chaoin
Daingean Uí Chúise 1 Tig an Bhainne
(a) braoinín d'uisge glan a chur i dtig an bhainne gach oidhche
(mar nuair a raghadh na daoine maithe isteach níghfidís a lámha san uachtar, mar a mbeadh an t-uisce acu, 7 ní bainfí an tairbhe as an mbainne asan amach.(b) Uisce Coisricithe a bheith i gcúinne éigin de sheómra an bainne i gcómhnaidhe (chun an bainne a chosaint ó Aingil an Uabhair)(c) Is gnáthach píosa beag ime (ím gan salann) a chur anáirde ar an gcearachail go ndeunfaí an cead choigean eile agus ansan píosa friseáilte a chur ann i gcómhnaidhe nuair a deunfaí coigean.(d) Bean an tighe i gcómhnaidhe dh'úsáideas sí an blúire ime (gan salann) sin mar íle nuair a bhíodh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig de Lonndraig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 35
- Seoladh
- An tSeantóir, Co. Chiarraí