Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag déanamh isteach ar an gcuan chun fothanna. Cuireadh isteach ar an gcladach í. Tháinig na máirnéalaigh saor. Last guail a bhí innte agus bhí ceannach air ag muinntir an Bhuailtín. Dheineadar an-mhargadh. Nuair a bhíonn sé 'na lag tragha cidhtear cuid de'n luing fós.
Bádhadh Mhichíl Bhúlaedir. Sa bhliain 1910 ar an 10adh lá d'Iúl bhí Micheál Bhulaedir ó Áirt na Caithne agus beirt eile ag teacht ó Bhaile na n-Gall go Béalbán. Bhí boladh beag de ghaoith anoir ann. Chuireadar seol ar an naomhóig le mairbhidheacht na gaoithe. Do bhíodar ag druideam le cladach an Teampaill. Chuaidh an Bulaedhireach ag teannadh an tsiota tosaigh agus pé straoilliúghadh a fuair sé caitheadh amach an triúr a bhí sa naomhóig. Do bádhadh an Bulaedireach bocht ach do saoradh an bheirt eile. Ba mhór go léir an púir é siúd agus a raibh a' brath air.
Teacht "An Bremen" 1905. Sa bhliain 1905 caitheadh "An Bremen" isteach ar thráigh Áirt na Caithne. Thug sí tamall maith ar an dtráigh annsúd go dtáinig lucht deisithe loingis ó Chorcaig agus gur deisigheadh í agus gur tarraingeadh amach chun fairrge arís í.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Mainín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Diarmaid Ó Curáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Baile an Reannaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Budhlaeir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí