Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Badhad naomhóige 1919: Sa bhliain 1919 do bádhdaidh Séamus Óg Firtéar i g-Cuan Áirt na Caithne. ÓCathair caoin parróiste 'n Firtéaraigh do b'eadh é. Bhí sé féin agus beirt eile ag iasgach - Seán Firtéar ó bhaile uachtrach a tháinig saor ach a fuair bás ó shoin i mbliain 1935 agus Micheál ach tSithig ó sna Gortadubha. Bhí an naomhóg ró lán d'iasg agus d'iompuigheadh a béal fúithe. Thuit Séamus Firtéar amach as an naomhóg agus do sciobh an taoide lei é, ach choimeád an bheirt eile i ngreim agus thángadar saor. Ní bhfuaireadh corp Shéamus Firtéar ar shon gur deineadh cuardach dian de ló ist oidhche ar feadh i bhfad. Aon eirghe níor dhein sé & níor chaith an taoide isteach é ar aon tráigh aige baile ná i gcéin.
Badhadh Bháid 1936: Sa bhliain 1936 do briseadh bád iascaigh ó'n bhFrainnc i naice Ceann Sléibhe i nDún Chuinn. Bhuail sí i gcoinnibh carraige agus briseadh an chuid ba mhó di. Chuaidh na máirnéalaigh thar n-ais go dtí an Fhrainnc. Fuair muinntir na h-áite mórán raice aiste.
Bádhadh duine: Do bádhadh duine de mhuinntir Sheaghdha ó Leaththaoibh - ní cuimhin le m'Dhaid cad í 'n bliain - tamall amach ó bhéal Faill an tSrothéain. Bhí triúr sa naomhóig is amhlaidh a bhí téad róid á tharrac aca. Bhí an téad i ngreim & an triúr ag tarrach ar an dtéid. Bhí mac(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Mainín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Diarmaid Ó Curáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Baile an Reannaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Budhlaeir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí