Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 482

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 482

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 482
  3. XML “Cruatan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Uí Shéaghdha 'na sheasamh sa naomhóg & an bheirt eile suidhte. Sa tarrac dóibh bhris an téad. Do cuiredh Mac Uí Sheaghdha amach ar a cheann sa bhfairrge agus níor eirigh sé ar ais.
    Dóighteán: Sa bhliain 1915 chuaidh coca breágh féir le Séamus Máirtín ós na Gorta Dubha fé theine. Fuair sé a luach amthach ó n gCúirt. Sé an rud a dubhart sagart a bhí annso mar gheall air ná go raibh "doghadh croidhe & dodhadh garraidhe ar Shéamus Máirtín - croidhe dubh dóighte & garraidhe dubh dóighte".
    Dóighteán Tighe na gCóisgeárdaí (Coast Guards) 1922: Sa bhliain 1922 do cuireadh staisiúin na gCóisgeárdaí i mBaile na nGall fé theine. Poblachtánaig na h-áite a dhein é aimsir an achrainn is an annróidh. Cúpla oidhche 'na dhiaidh cuireadh tig na gCóisgeárdaí i bparróisde Fionntragha - ar an gCathair agus Árus na bpóilíní i mBaile'n Fheirtéaraig marabhfuil tig ósda Dhún-an-Óir anois. Do chuireadh fé theine san am céadna san, saghas dúna a bhí ag saighdiúirí Shasana ar Chnoc an Bhaile Uachtrach i naice Ceann Goib-an-Féich. Bhí sean-túr sa phaisde céadna fadó. Túr an Baile Uachtraigh a tugtaí air.
    Faill an tighe dóighte: Tá an fhaill seo marabhfuil bungaló an mhinistir (Parson McClean). Ní foláir nó cuireadh fé theine tig éigin san áit seo fadó ach ní cuimhin le h éinne beo anois é, ná níor chualadar a muinntir ná a sean-mhuinntir ag tracht thairis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Mainín
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Diarmaid Ó Curáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    Baile an Reannaigh, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Budhlaeir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí