Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Uí Shéaghdha 'na sheasamh sa naomhóg & an bheirt eile suidhte. Sa tarrac dóibh bhris an téad. Do cuiredh Mac Uí Sheaghdha amach ar a cheann sa bhfairrge agus níor eirigh sé ar ais.
Dóighteán: Sa bhliain 1915 chuaidh coca breágh féir le Séamus Máirtín ós na Gorta Dubha fé theine. Fuair sé a luach amthach ó n gCúirt. Sé an rud a dubhart sagart a bhí annso mar gheall air ná go raibh "doghadh croidhe & dodhadh garraidhe ar Shéamus Máirtín - croidhe dubh dóighte & garraidhe dubh dóighte".
Dóighteán Tighe na gCóisgeárdaí (Coast Guards) 1922: Sa bhliain 1922 do cuireadh staisiúin na gCóisgeárdaí i mBaile na nGall fé theine. Poblachtánaig na h-áite a dhein é aimsir an achrainn is an annróidh. Cúpla oidhche 'na dhiaidh cuireadh tig na gCóisgeárdaí i bparróisde Fionntragha - ar an gCathair agus Árus na bpóilíní i mBaile'n Fheirtéaraig marabhfuil tig ósda Dhún-an-Óir anois. Do chuireadh fé theine san am céadna san, saghas dúna a bhí ag saighdiúirí Shasana ar Chnoc an Bhaile Uachtrach i naice Ceann Goib-an-Féich. Bhí sean-túr sa phaisde céadna fadó. Túr an Baile Uachtraigh a tugtaí air.
Faill an tighe dóighte: Tá an fhaill seo marabhfuil bungaló an mhinistir (Parson McClean). Ní foláir nó cuireadh fé theine tig éigin san áit seo fadó ach ní cuimhin le h éinne beo anois é, ná níor chualadar a muinntir ná a sean-mhuinntir ag tracht thairis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Mainín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Diarmaid Ó Curáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Baile an Reannaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Budhlaeir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí