Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 501

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 501

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 501
  3. XML “Scéal Fíor ar Chruatan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    thug an capall fé ghabháil anoir i ngan fhios do agus gur bádhadh é toisg an ceangal a bheith fé. Fuair Éamonn tuairisg a chapall ach cad a bhí aige le déanamh ach é thógaint go foidhneach chomh maith is fhéad sé. Chait sé cur sa t-soláthar. Miúil a cheannuig sé an turus so. Bhí bothár beag dá thógaint aige agus is é áit go raibh na clocha bainte aige ná ó'n dtaobh theas Cuas a' Bháith. Mar a dubhart cheana ní raibh aon chairt ann an uair úd. Is é seift a cheap sé ná cathaoir a chur ar gach taobh de cliathán na miúlach agus srathar fútha. Bhí sé ag casadh leis na clocha a tharrac ar an slighe seo agus an mhiúil óg éagannta gan puínn nirt fós innte. Ar cheann dos na h-ualaighe agus é ag líonadh agus ag socrú na gcloch ar na cathaoireacha do bhain rud éigin sceit asan miúil gur imthigh sí i leith a cúil nó gur buaileadh síos ins an cuas ar an gcladach marbh í. Bhí Éamonn bocht gan capall gan miúil anois. Bhuail breóidhteacht an ceanntar. Do luig an mac críonna go h-olc breóidhte. Bhí an mháthair ag friotháil air chomh maith is fhéad sí. Trídan áirneán agus an scodaráil do b'éigin dhi féin luighe. Bhí Éamonn na bhanaltra ar an mbéirt annsan. B'í críoch agus deire an scéil go raibh an mac agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Bhodhlaeir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Reannaigh, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádraig Budhlaeir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Baile an Reannaigh, Co. Chiarraí