School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear i n-Áirt na Caithne fadó gur b'ainm do Éamonn Donncadh. Muircheartach a b'eadh é. Ba inghnean do a bhí pósta ag Tomás Mhicil i mBaile'nFhirtéuraig - Máire Éamainn a tugtaí uirri. Bhí gabháltas beag talmhan aige féar bó nó mar sin. D'imthig sé lá agus chuaidh sé'on Dainghean. Is é cosán a bhí ag na daoine ó'n slios san na an Teampal Bán soir, Baile'nRannaig, Galarus, suas go Baile na n-Áirt. Bhí h-ínnstear a thuille na thaobh go raibh sé ag teacht abhaile. Nuair a tháinig sé go Carraig an Locha bhí an taoide istig agus ní fhéadfadh sé gábháil anoir go n-ísleóchadh an t-uisge. Níor dhein sé ach an t-adhastar a scaoileadh do'n gcapall agus é chur mar laincide fé. Ní raibh aon chairt ann sa lá úd ná aon chuimhneamh ortha. Scaoil sé an capall ag ithe ar fuaid na daibhche go dtráigfeadhan taoide. Nuair a thuit an t-uisge agus gur bham leis a bheith a bogadh anoir chuaidh sé ar thuairisc a chapaill. Má chuaidh ní raibh a thomas ná a thuairisc le fághail. Ar deire b'eigín do teacht abhaile dá cheal. Ar maidin lár na mháireach do bhuail an capall lasmuigh do'n gCarraig Dhuibh le naomhóg bhí ag spiléireacht. Is deallrach gur(continues on next page)
- Collector
- Brighid Bhodhlaeir
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Reannaigh, Co. Chiarraí
- Informant
- Pádraig Budhlaeir
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Baile an Reannaigh, Co. Chiarraí