Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 521

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 521

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 521
  3. XML “Scéal - Písín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    anois dhuit" arsa sé "agus beidh muirear do dhóthain ort. Tá trí ribe feasóige ar ubhaill scórnaighe do chéile is nuair a bheidh sé na chodladh anocht gearr do iad lé rásúr m'fhocal duit go mbeidh cloinn agat".
    Chuaidh sé go dtí an fear a bhí ag obair sa ghort agus bheannuig do. Do bheannuig an fear do na beannachtaí fé mar fuair sé iad. Tharraing Písín chuige a leabhar a bhí fé'n ascaill aige agus thosnuig sé ag léigheamh mar dheadh. "A leithéidh seo athug chúghat anois me. Tá do bhean chuin do chuid fóla a tharraing anocht nuair a bheidhir id chodladh ach ná bíodh aon chodladh ort-sa". Bhuail Písin chuige a leabhar arís agus scrios leis. Bhí an rásúr 'na póca ag an mnaoi. Nuair a tháinig am codlata chuadar a chodladh agus i g-cionn tamaill thosnuig an fear lé bárr nó corp cladhaireachta ar a bheith ag sreanntarnaig. Nuair ba dhóigh lé é bheith na chodladh go sámh do féin tharraing an bhean chuiche a rásúr agus thosnuig ag gearradh na trí ribe. Bhraith an fear í. Bheir sé ar láimh uirthe agus bhain sé anuas an ceann di agus damnuigheadh an fear bocht.
    Bhuaidh Písín an geall ar an áirseoir críona.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1353: The Old Woman as Trouble Maker
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Márthain, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Aois
    78
    Seoladh
    Márthain, Co. Chiarraí