School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)anois dhuit" arsa sé "agus beidh muirear do dhóthain ort. Tá trí ribe feasóige ar ubhaill scórnaighe do chéile is nuair a bheidh sé na chodladh anocht gearr do iad lé rásúr m'fhocal duit go mbeidh cloinn agat".
Chuaidh sé go dtí an fear a bhí ag obair sa ghort agus bheannuig do. Do bheannuig an fear do na beannachtaí fé mar fuair sé iad. Tharraing Písín chuige a leabhar a bhí fé'n ascaill aige agus thosnuig sé ag léigheamh mar dheadh. "A leithéidh seo athug chúghat anois me. Tá do bhean chuin do chuid fóla a tharraing anocht nuair a bheidhir id chodladh ach ná bíodh aon chodladh ort-sa". Bhuail Písin chuige a leabhar arís agus scrios leis. Bhí an rásúr 'na póca ag an mnaoi. Nuair a tháinig am codlata chuadar a chodladh agus i g-cionn tamaill thosnuig an fear lé bárr nó corp cladhaireachta ar a bheith ag sreanntarnaig. Nuair ba dhóigh lé é bheith na chodladh go sámh do féin tharraing an bhean chuiche a rásúr agus thosnuig ag gearradh na trí ribe. Bhraith an fear í. Bheir sé ar láimh uirthe agus bhain sé anuas an ceann di agus damnuigheadh an fear bocht.
Bhuaidh Písín an geall ar an áirseoir críona.(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- Márthain, Co. Kerry
- Informant
- Tomás Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Márthain, Co. Kerry