Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Leathanach 524
- XML “Scéal - Conas mar Fuair Brian Bean”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mo thighe" ar sise "tabhair do bhrollach lé teasbáint do'm mhuinntir." D'imthig sé bhain sé amach an tig. D'iarr sé lóistin na h-oidhche agus fuair. Bhíodar ag caitheamh na h-oidhche do bhí an mháthair ar an dtaobh eile chúinne agus í á thabhairt fé ndeara.
Chonnaic sí an ainm ar an báscóta.
"A fhir mhaith" arsa sí "déarfainn gur bí sin lámh mo inghne dá maireadh sí." "Agus cá bhfios duit ná maireann" ar sé? "Ní mhaireann a dhaltha" arsa sí "mar tá sí caillte lé bliain." "Ní'l ná caillte" ar seiean mar tá sí agam-sa, do thugas ó locht na leasa í le na leithéid seo do shlighe ag innsint dóibh.
Ní chreidfidís é ach mar sin féin i ndiaidh a chéíle bhíodar ag tabhairt geilleadh dho. Ní dhein a h-athair aon rud ach cóisde a bhualadh ar a chapall agus tháinig sé ar Chrosaire an Bhaile Iochtaraig. Thug sé leis a inghean agus Brian agus a mháthair agus d'fanadar i bhfochair a chéile agus mhaireadar go lán t-sásta as san amach.- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Padruig Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí