Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 527

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 527

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 527
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    annsan go tig an deirbshéar eile. Ach b'é an scéal céadna aici sin é. Is amhlaidh a bhí doicheall aici roimis. D'iarr sé greim in ainm Dé agus cuireadh naoi nó deich do phrátaí fé n-a bhrághaid. Thug sé cuaird annsan ar an tríomhadh deirbhséar. Chuir sé a chás truaighméileach i n-iúil di féachaint an bhfaghadh sí na croidhe aon chabhair a thabhairt do chun capall a cheannach. Thug sí cluas bodar ar a ghearránta ach chaith sí leath chloch prátaí chuige. D'fhág sé slán aici agus d'imthig sé chun bóthair. D'fhill sé abhaile go brónach. "Ní fearra dam rud a dhéanfainn" ar seisean leis féin ná dul ar lorg mná dham féin. Do ghléas sé é féin agus b'shiúd leis chuin bóthair sa t-soláthar. Fear neamh-spriúnlaithe do b'eadh é. Chuir sé an crann ar tig fé leith go raibh bean óg áluinn ann. Cuireadh fáilte is fiche roimis agus thárla sé go raibh aodhaire bó sa tig seo. Thug se stráice maith tabac don ao'dhaire chun go bhfaghadh sé amach a lán rudaí uaidh. An oidhche sin do ghlaoidh an t-Aodhaire amach ar an bhfear so agus d'fiafruigh sé do cad a thug annso é. Dubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0910A: Wise Through Experience
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Mhuircheartaig
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Riasc, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Muircheartaig
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Riasc, Co. Chiarraí