School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)annsan go tig an deirbshéar eile. Ach b'é an scéal céadna aici sin é. Is amhlaidh a bhí doicheall aici roimis. D'iarr sé greim in ainm Dé agus cuireadh naoi nó deich do phrátaí fé n-a bhrághaid. Thug sé cuaird annsan ar an tríomhadh deirbhséar. Chuir sé a chás truaighméileach i n-iúil di féachaint an bhfaghadh sí na croidhe aon chabhair a thabhairt do chun capall a cheannach. Thug sí cluas bodar ar a ghearránta ach chaith sí leath chloch prátaí chuige. D'fhág sé slán aici agus d'imthig sé chun bóthair. D'fhill sé abhaile go brónach. "Ní fearra dam rud a dhéanfainn" ar seisean leis féin ná dul ar lorg mná dham féin. Do ghléas sé é féin agus b'shiúd leis chuin bóthair sa t-soláthar. Fear neamh-spriúnlaithe do b'eadh é. Chuir sé an crann ar tig fé leith go raibh bean óg áluinn ann. Cuireadh fáilte is fiche roimis agus thárla sé go raibh aodhaire bó sa tig seo. Thug se stráice maith tabac don ao'dhaire chun go bhfaghadh sé amach a lán rudaí uaidh. An oidhche sin do ghlaoidh an t-Aodhaire amach ar an bhfear so agus d'fiafruigh sé do cad a thug annso é. Dubhairt(continues on next page)
- Collector
- Caitlín Ní Mhuircheartaig
- Gender
- Female
- Address
- An Riasc, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Muircheartaig
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Riasc, Co. Kerry