Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Leathanach 544
- XML “Scéal - Fionn agus an Gruagach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar sé lé na mháthair.
Tháinig an Gruagach isteach go láidir teann agus dhein sé aníos ar an g-cliabhán.
"Cad é an t-aos an leanbh?" ar sé.
"Trí mhí ars an bhean.
"N'fheadar an bhfuil aon fhocal aige" ar sé, ag sáthadh a mhéire siar na bhéal. Luig Fionn go maith air agus chuir ins na treathaí dúbha lé pian é.
"Is láidir an leanbh é" ar sé. Agus deir daoine go bin é an uair a fuair Fionn an fios 'ón órdóig.
"Cá bhfuil na Fianna?" ar sé.
"Táid ag fiadhach, agus go deimhin a chroidhe ní fearr dhuit sa bhaile iad mar mharbhóchaidís thu", ar sí.
"Ní fheadar é sin" arsan Gruagach.
"Cad é an biadh a bhíonn aca" ar sé.
"Seo duit cuid do" ars sí ag caitheamh stráice do'n ghreideall chuige agus gráinne mine croithte ar gach taobh do agus muga lán do bhainne caorach.
"Ó is méith na fiacla atá aca" ar sé ag sathadh stráice dho siar na bhéal agus dá chogaint go láidir.
Cad é 'n caitheamh aimsire a bhíonn ag na Féinne arsé annsan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Catháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Mainín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí